A óige agus a theaghlach – deirfiúracha agus deartháireacha. A athair ag obair in Albain. A chéad chuimhne ar an lá a chuaigh sé chun na scoile i Rann na Feirste ag trí bliana go leith. Bhí trí mháistir ann – dhá fhear agus bean. Bhí sé ansin go raibh sé 12 bhliain, ansin rinne sé an scrúdú (Teistiméireacht) agus fuair sé toradh maith. Chuaigh sé go Ceardscoil Loch an Iúir ar feadh dhá bhliain. Fuair a mháthair bás agus bhí athair s’aige in Albain. Tháinig sé chun an bhaile. Níl mórán cuimhne aige ar an fhaire nó ar an tórramh. Chaith sé bliain sa bhaile. | 00:04:13 | |